← ach sa chás seo is é Caoilte atá ann). 🔊
← Chuir Caoilte a lámh i mbos a scéith agus thug amach trí chaoga unsa de dhearg-ór gur bhronn ar Phádraig é. 🔊✎
← "Tuarastal deiridh Fhinn domsa é sin", ar seisean. 🔊✎
← "Cuirse é le rath m'anama agus le rath anam Rí na Féinne". 🔊✎
← Chóiridís líontáin idir crainn leis na mionbheithigh a cheapadh agus ghléasadh gach fear é féin leis na beithigh mhóra a mharú dá mbrisfidís amach as an bhfáinne. 🔊✎
← Chuireadh sé géaga beaga ó bharr na gcrann in íochtar le bheith idir é féin agus taise an talaimh. 🔊✎
← Deich gcoinníoll eile a chuir Fionn ar gach ábhar Féinne: Slánadh a fháil óna athair agus óna mháthair, óna ghaolta agus óna chine nach n-agróidís a bhás go brách ar aon duine dá marófaí é a fhad a bheadh sé sna Fianna. 🔊
← Sciath agus bata coill a thabhairt leis agus seasamh i log talaimh go gcaithfeadh naonúr laoch a sleátha naoi n-uaire leis in éineacht, agus dá loitfeadh urchar sleá é thar a sciath agus a bhata coill, ní raibh glacadh sna Fianna leis. 🔊✎
← A fholt a réiteach sa choill agus gan ach aon chrann amháin a ligean idir é féin agus laochra a thóra. 🔊✎
← Leanfadh a naonúr laochra é le sleátha. 🔊✎
← Dá ndéanfadh sé é sin uile chaithfeadh sé móid a thabhairt go mbeadh sé umhal urramach do Rí na Féinne agus ansin ghlacfadh Fionn sa bhFiannaíocht é. 🔊✎